Seo Linn!!!

Níl ach trí lá fágtha.

Trí lá chun mo smaointí, mo mhothúcháin, mo h-imní agus aon droghull a chur ar leath-thaobh. Táim ag fanacht ar Dhaid chun an cás a thabhairt suas dom chun an phacáil a dhéanamh. Táím ag breathnú ar an aimsir ann, cé go bhfuil sé timpeall 17 gcéim celsius tá muintir na h-áite ag gearán faoin bhfuacht, go háirithe san oíche. Bhí sneachta ann cúpla seachtaine ó shin.

Thosaigh an phleanál seo i Mí na Samhna. Bhí mé bréan de fhíseán eile a roinnt ar Facebook nó Twitter gan aon duine faic a rá faoi. Shíl mé nach raibh a dhóthan á dhéanamh agam chun troid ar son ceartaí sibhialta na Palaistíne.

Thosaigh mé ag breathnú ar mo theagmhálaí; mo chairde, mo chomhleacaí tharr na blianta, cairde ón ollscoil, gníomhaígh… Naoise Ó Cairrealláin!!! Fear uasal ó Bhéal Feirste a bhí bainteach i mbunú an tsiopa ‘Ceiliúr an Choilm’ i mBéal Feirste. Seo siopa a dhíolann earraí lámh déanta sa Phalaistín agus as sin an brabús uilig a thabhairt do mhuintir na Palaistíne.

D’fhiafraigh mé dó an raibh aithne aige ar dhuine a thaistil chuig an Phalaistín. Chuireadh i dteangmháil mé le fear uasal eile d’arbh ainm Timmy Hammersley a chuaigh le ghrúpa ollmhór an bhliain seo chaite go dtí an Phalaistín. Bhí Timmy in ann mé a stiúradh i dtaobh céard gur féidir liom a dhéanamh ann. Bhí sé in ann mé a chur i dteangmháil le grúpaí éagsúla thall ann. Faoi dheireadh shocraigh mé obair go deonach le dream d’arbh ainm ‘Youth Against Settlement’.

Bíonn dhá thuairim ann; bíonn an tuairim is dearfaí ag na Gaeilgeoirí go háirithe…”Maith thú! Nach iontach an rud é!”
Ach de gnáth bíonn daoine buartha: “Nach bhfuil sé sin dáinséarach?” nó “Ní leatsa an troid sin, ní cóir duit dul.”
Cuireann an tuairim sin go háirithe as dom go mór! “When good men do nothing, evil triumphs.” Cé nach as an áit mé, ní shin le rá nach bhfuil dualgas ormsa mar dhuine daonna, rud a dhéanamh! Dá mo rud é nach raibh mé in ann cabhrú i mbealach éigean, ní bheadh fáilte is fiche romham!

Níl mé sásta breathnú ar físeán eile gan rud a dhéanamh faoi…nach sin an cúis is fearr?
Anois…más féidir le duine éigean é sin a mhíniú le mo mháthair bhéinn ceart go leor!

Má tá daoine ag lorg tuilleadh míniú ar mo thuras is féidir leo dul chuig beepalestine.wordpress.com

 

One thought on “Seo Linn!!!

Leave a comment