Suí síos maith bean agus bíodh cupán tae agat! Abairt coitianta in Éirinn… agus sa Phalaistín. Go dtí seo níor thuig mé cé chomh fáilteach is a bhí na Phalaistínigh! Agus an beirt againn ag siúl bhí ar Maya agus mé féin stopadh chun cupán tae a bheith againn le h-únéirí siopaí gur athain muid. Trí uair a thóg sé orainn siúlóid fiche nóiméad a dhéanamh! Bíonn an caife agus an tae láidir le neart siúcra ann. Déan cinnte nach gcríochnaíonn tú an cupán caife mar go bhfuil sraith ar nós puiteach ag an mbun. Labhair siad liom faoin streachailt, gur dúnadh os cionn míle siopa ar sráid Al Shuhada agus gur cuireadh
séala ar cúig chéad dóibh. Bhí ar na h-únéirí bhogadh ón áit. Gabhadh na tithe go léir do na lonnaitheoirí freisin. An t-aon rud atá uathu ná go mbeidh siad in ann filleadh ar an sráid agus obair ann arís. Chomh luath is a chuala siad gur Éireannach mé tháinig miongháire orthu agus bhí fáilte is fiche romham. Thuig neart acu an nasc idir Éireann agus an Phalaistín; gur tharla neart de na rudaí céanna dúinn agus cuireann siad an mileán go léir ar an mBreatain. Tá fear darbh ainm Muhammed al-Qiq ar stailc ocrais faoi láthair. Iriseoir a gabhadh gan cúis. Tá ochtó-ocht lá caite aige agus ní ligfidh an Iosrael leis. Rinne fear amháin nasc idir sin agus Bobby Sands.
Bhí deis agam dul chuig na suíomhanna religiúineach i Hebron. Tá foirgneamh d’arbh ainm Tuama na Patrarcaí ann. Glaonn na Muslamaigh ‘Ibrahimi Mosque’ air agus glaonn na Giúdaigh ‘Cave of Machpelah’ air. Tá an foirgneamh roinnte ina dhá leath; mosque agus synagogue. Seo an áit inar cuireadh Abrahám agus a bhean. Bhí sléacht ann i 1994; mharaigh Giúdach naonúr is fiche a bhí cromtha ag abair a bpaidreacha i rith Ramadan.
De bharr gur idirnáisiúntach mé bhí cead agam dul chuig an taobh Giúdach. Bhí imní ar Maya go gcaisfidh lonnaitheoir orainn mar dá n-athneoidh siad gur gníomhaígh muid bheadh buairt ann go n-ionseoidh siad muid. Tá an áit cosúil le éanadán, ag coinneál na Palaistínigh amach. Ní thuigim fós cén fáth go mbogfaidh duine as Brooklyn, i Meirceá chuig an áit seo, chun cónaí in éanadán agus a bheith buartha faoi a mbeatha agus beatha a bpáistí gach uile lá. Cinnte tá saol níos saoire ann ach an fiú é?